Bláth na dTulach cover logo
RSS Feed Apple Podcasts Overcast Castro Pocket Casts
Irish
Non-explicit
spreaker.com
5.00 stars
34:43

Bláth na dTulach

by Éabhlóid

Léann aíonna speisialta gearrscéalta ón díolaim gearrscéalta Gaeilge Bláth na dTulach sa phodchraoladh liteartha seo atá curtha i láthair ag Réaltán Ní Leannáin. Gach mí léitear scéal úr ón díolaim agus bíonn comhrá ag Réaltán leis na haíonna faoin scéal agus fúthu féin.
Tá gearrscéalta sa díolaim Bláth na dTulach ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh.
Podchraoladh taifeadta i Stiúideo Cuisle Ceoil in Aonad Naomh Pádraig, Dobhar, Gaoth Dobhair.
Buíochas le Mícheál Ó Dochartaigh.
Ceol le Ketsa
© Ketsa 2021
An Irish language podcast featuring a different short story read by a native Irish language speaker in each episode followed by a short discussion with the editor of the book Bláth na dTulach.

Copyright: Copyright Éabhlóid

Episodes

Nanette le Daithí Ó Muirí

42m · Published 31 Jan 23:08
Fáthscéal mistéireach é seo a thugann ábhar machnaimh don léitheoir. Sa scéal seo, tugann Ó Muirí guth de chuid d'imní na haoise tríd a charachtair dhiamhaire dothomhaiste; ag cruthú atmaisféir theann tharraingteach lena chuid próis. Léite anseo ag an chraoltóir Dáithí Ó Muirí .

Banríon an Dóchais le Seán Ó Muireagáin

48m · Published 01 Jan 15:41
Cothaíonn beirt fhear cairdeas úr eatarthu féin agus iad ag dul siar in aois, cé gur ó chúlraí éagsúla iad. Déanann siad pleananna móra le chéile ach caidé mar a éiríodh leis na pleananna sin... Scéal éadrom le Seán Ó Muireagáin , á léamh anseo ag Dónall Mac Giolla Chóill, le comhrá bríomhar ina dhiaidh le Réaltán Ní Leannáin.
https://blath-na-dtulach.com/banrion-an-dochais/

Ar Deoraíocht

16m · Published 02 Dec 10:02
Scéal croíúil Nollag é seo a thagann chugainn tríd shúile chailín óig a bhfuil a saol athruithe go hiomlán ag eachtraí nach bhfuil aon smacht aici féin orthu. Lán de spiorad na Nollag, tógfaidh an scéal beag seo do chroí. Scéal le Síle Uí Ghallchóir , léite anseo ag Caoimhe Nic Lochlainn .

Éan le Dubhán Ó Longáin

34m · Published 31 Oct 13:14
Scéal scéiniúil é seo le Dubhán Ó Longáin a phléann le roinnt ábhair agus ceisteanna deacra an lae inniu. Scéal é a bhaineann le hoibseisiúin mhífholláine, leis an mheabhairghalar agus leis an dóigh a dtig le scéal a dhul in olcas go gasta mar gheall ar mhíthuiscintí agus paranóia. Arna léamh anseo ag Caoimhe Ní Chathail le comhrá le Réaltán Ní Leannáin ina dhiaidh.

An Bhearna le hEoghan Mac Giolla Bhríde

34m · Published 11 Oct 09:36
Déanann athair iarrachtaí naisc a chruthú lena mhac agus é a ghríosú chun oibre. Ach sna hiarrachtaí sin nochtar bearnaí idir na glúnta, áit a gcailleann focail a mbríonna le ham agus áit nach dtuigeann an t-óg an aosta. Scéal coscrach, le cur síos íostach réalaíoch. Léite anseo ag Fionntán de Brún .

Imram le Róise Ní Bhaoill

40m · Published 01 Sep 16:12
Tugann teagmháil theagmhasach le strainséir nach raibh sí ag dréim leis i mbusáras i dtír choimhthíoch ar an scéalaí í féin a cheistiú go domhain nuair a chluineann sí scéal ó bhéal duine nach bhfuil leath chomh hádhúil léi féin. Scéal láidir a théann i bhfeidhm ar an léitheoir mar an gcéanna leis an scéalaí, á léamh anseo ag Caoimhe Ní Chonchoille .

Oileánach le Sam Ó Fearraigh

34m · Published 01 Aug 17:47
Scéal corraitheach é seo a ardaíonn ceisteanna agus a ghearrann go domhain isteach i ngnóthaí na sochaí comhaimseartha i gcomhthéacs phobail bhig oileánach.
Tá an scéal á léamh anseo go tuisceanach ag Milène Fegan

Ní Tharlóidh Sé Arís le Seán Mac Gintidh

31m · Published 01 Jul 21:54
Ní gnáthchás a bhíonn roimh na gardaí óga seo nuair a ghlaoitear amach orthu go teach Uí Chearbhaill mall san oíche. Ní cheiltear aon fhírinne sa scéal seo ach léirítear ann chomh caolchúiseach agus a bhíonn sé go minic.
Scéal léirsteanach arna léamh anseo ag an léachtóir ildánach Seán Mac Corraidh .

Mo Dheirfiúr Maja le Celia de Fréine

38m · Published 31 May 21:59
Tiontaítear saol an scéalaí bunoscionn ag cogaí agus ag bás i gcathair atá tarraingthe as a chéile ag reibiliúnacha sa scéal diostóipeach seo. Ach is é an ceangal deireanach lena teaghlach a thugann dóchas di agus an fáth go leanann sí uirthi ag cuartú fríd an smionagar. Scéal cumhachtach le Celia de Fréine , léite go paiseanta ag Áine Ní Dhíoraí .

Beidh a Cuid Féin ag an Fharraige le Máirín Jimí uí Fhearraigh

19m · Published 02 May 09:15
Eachtra thragóideach a chur deireadh le modh iomlán maireachtála do phobal oileánda ar chósta iarthuaiscirt Dhún an nGall a bhfuil a lorg le feiceáil go fóill ar na daoine. Éist le scéal Mháirín Uí Fhearraigh fá iascairí Ghabhla á léamh anseo ag Dónall Ó Cnáimhsí .

Bláth na dTulach has 28 episodes in total of non- explicit content. Total playtime is 16:12:12. The language of the podcast is Irish. This podcast has been added on July 29th 2022. It might contain more episodes than the ones shown here. It was last updated on April 23rd, 2024 02:16.

Every Podcast » Podcasts » Bláth na dTulach