42 - Beo sa Chultúrlann
39m
·
Bláth na dTulach
·
Beo ón Chultúrlann i mBéal Feirste
Taifeadadh an t-eagrán seo de Bhláth na dTulach beo in Amharclann Mhic Cionnaith sa Chultúrlann i mBéal Feirste os comhair lucht féachana ar an 10ú Meán Fómhair 2022. Ba í an t-aisteoir aitheanta Bríd Ó Gallchóir a léigh an scéal “42” le Réamonn Ó Ciaráin. Réaltán Ní Leannáin a chur an clár i láthair.
Tugann an scéal seo le Réamonn Ó Ciarán ar thuras muid thar dhúiche réidh Chontae Ard Mhacha. Trí shúile géara an bhuachalla óig casann muid le tiománaithe cairdiúla bus, le gasúraí ráscánta scoile, le múinteoirí spreagúla agus tuismitheoirí amhrasacha. Tugann sé ar thuras muid go háit a gcaitheann gnáthdhaoine a ngnáthshaolta i dtréimhse neamhghnách ar fad; áit a nochtar laochra gan iomrá trína ngníomhartha cineáltais agus tuisceana. Turas intinne agus ama, a thaispeánann nach fios cén áit a gcríochnóidh muid suas.
The episode 42 - Beo sa Chultúrlann from the podcast Bláth na dTulach has a duration of
39:04. It was first published
More episodes from Bláth na dTulach
Nanette le Daithí Ó Muirí
Fáthscéal mistéireach é seo a thugann ábhar machnaimh don léitheoir. Sa scéal seo, tugann Ó Muirí guth de chuid d'imní na haoise tríd a charachtair dhiamhaire dothomhaiste; ag cruthú atmaisféir theann tharraingteach lena chuid próis. Léite anseo ag an chraoltóir Dáithí Ó Muirí .
Banríon an Dóchais le Seán Ó Muireagáin
Cothaíonn beirt fhear cairdeas úr eatarthu féin agus iad ag dul siar in aois, cé gur ó chúlraí éagsúla iad. Déanann siad pleananna móra le chéile ach caidé mar a éiríodh leis na pleananna sin... Scéal éadrom le Seán Ó Muireagáin , á léamh anseo ag Dónall Mac Giolla Chóill, le comhrá bríomhar ina dhiaidh le Réaltán Ní Leannáin.
https://blath-na-dtulach.com/banrion-an-dochais/
Ar Deoraíocht
Scéal croíúil Nollag é seo a thagann chugainn tríd shúile chailín óig a bhfuil a saol athruithe go hiomlán ag eachtraí nach bhfuil aon smacht aici féin orthu. Lán de spiorad na Nollag, tógfaidh an scéal beag seo do chroí. Scéal le Síle Uí Ghallchóir , léite anseo ag Caoimhe Nic Lochlainn .
Éan le Dubhán Ó Longáin
Scéal scéiniúil é seo le Dubhán Ó Longáin a phléann le roinnt ábhair agus ceisteanna deacra an lae inniu. Scéal é a bhaineann le hoibseisiúin mhífholláine, leis an mheabhairghalar agus leis an dóigh a dtig le scéal a dhul in olcas go gasta mar gheall ar mhíthuiscintí agus paranóia. Arna léamh anseo ag Caoimhe Ní Chathail le comhrá le Réaltán Ní Leannáin ina dhiaidh.
An Bhearna le hEoghan Mac Giolla Bhríde
Déanann athair iarrachtaí naisc a chruthú lena mhac agus é a ghríosú chun oibre. Ach sna hiarrachtaí sin nochtar bearnaí idir na glúnta, áit a gcailleann focail a mbríonna le ham agus áit nach dtuigeann an t-óg an aosta. Scéal coscrach, le cur síos íostach réalaíoch. Léite anseo ag Fionntán de Brún .