Bláth na dTulach cover logo
RSS Feed Apple Podcasts Overcast Castro Pocket Casts
Irish
Non-explicit
spreaker.com
5.00 stars
34:43

Bláth na dTulach

by Éabhlóid

Léann aíonna speisialta gearrscéalta ón díolaim gearrscéalta Gaeilge Bláth na dTulach sa phodchraoladh liteartha seo atá curtha i láthair ag Réaltán Ní Leannáin. Gach mí léitear scéal úr ón díolaim agus bíonn comhrá ag Réaltán leis na haíonna faoin scéal agus fúthu féin.
Tá gearrscéalta sa díolaim Bláth na dTulach ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh.
Podchraoladh taifeadta i Stiúideo Cuisle Ceoil in Aonad Naomh Pádraig, Dobhar, Gaoth Dobhair.
Buíochas le Mícheál Ó Dochartaigh.
Ceol le Ketsa
© Ketsa 2021
An Irish language podcast featuring a different short story read by a native Irish language speaker in each episode followed by a short discussion with the editor of the book Bláth na dTulach.

Copyright: Copyright Éabhlóid

Episodes

Heinrich le Gabhán Ó Fachtna

30m · Published 01 Apr 20:11
Scéal Gotach, lonnaithe sa Trasalváin ag deireadh an naoú haois déag ina nochtar fimíneacht an duine i láthair an chreidimh. Mothaítear cúngacht na sléibhte agus súile na gcomharsanach, i gcuideachta le haineolas agus réamhchlaonadh an tsochaí ag druidim isteach ar bheirt dheartháir bhochta an scéil seo.
Arna léamh ag Ciarán Mac Fheidhlimidh.

Pavel le Brighid Uí Mhonacháin

25m · Published 01 Mar 01:04
Tugtar spléachadh sa scéal seo ar bhuachaill bheag atá caillte i saol mór neamhthrócaireach i ndiaidh réabhlóide foréigneach. Fríd súile beaga feictear saol mór atá ag bogadh go gasta. Íobartach neamhchiontach atá fágtha gan chosaint ach tá dóchas éigin ann dó sa scéal dúisitheach seo le Brighid Uí Mhonacháin a ardaíonn go leor ceisteanna. Arna léamh ag Ailbhe Ó Monacháin , le comhrá ina dhiaidh le Réaltán Ní Leannáin .

Deireadh le hAntain Mac Lochlainn

34m · Published 31 Jan 22:28
Nuair a chluineann Mánus, an printíseach óg, scairt na mic tíre a bhfuil sé féin agus a mháistir ag seilg, músclaíonn sé rud éigin san fhear óg; scairt an fhiántais nó scairt a dhúchais féin.
Éist leis an ghearrscéal stairiúil seo le h Antain Mac Lochlainn á léamh ag Aodh Mac Ruairí .

Maeirí le Réaltán Ní Leannáin

33m · Published 31 Dec 21:12
Bíonn mistéir neamhghnách le fuascailt ag na gardaí i mBaile na gCoimhthíoch nuair a fhaigheann siad glaoch ó bhall d'Interpol faoi chás amhrasach a táthar a fhiosrú sa Ghearmáin a bhaineann le seanbhean ón cheantar. Éist le Joe Ó Dónaill ag léamh an scéal "Maeirí" le Réaltán Ní Leannáin agus leis an chomhrá bhríomhar a bhíonn aige le haoi-láithreoir an eagráin speisialta seo, Caitlín Nic Íomhair.

Ón Spéir Anuas le Danny Brown

21m · Published 01 Dec 00:40
Tá domhan Fatima scriosta ag an choimhlint agus na hionsaithe sheasta a bhíonn uirthi a fhulaingt thar na blianta, ach ní bheadh a fhios sin agat óna méin agus óna stuaim agus ón dóigh dhiongbháilte a chaitheann sí a saol. Sa scéal chumhachtach seo tugann Danny Brown muid isteach go croí na coimhlinte agus aimsíonn sé dúinn an croí dhaonna. Arna léamh anseo ag Siuán Ní Mhaonaigh.

San Iargúltacht

35m · Published 01 Nov 12:14
Sa scéal chaolchúiseach seo le Pádraig Ó Gallchóir, tugtar spléachadh dúinn ar shaol atá ar thairseach. Teilgtear isteach i saol scoite tuaithe muid mar a theilgtear an domhan mór isteach cois teallaigh sa scéal féin.
Déanann Mícheál Ó Domhnaill an scéal a léamh dúinn anseo agus ina dhiaidh tugann sé léargas breise dúinn air i gcomhrá le Réaltán Ní Leannáin.

42 - Beo sa Chultúrlann

39m · Published 30 Sep 22:11
Beo ón Chultúrlann i mBéal Feirste
Taifeadadh an t-eagrán seo de Bhláth na dTulach beo in Amharclann Mhic Cionnaith sa Chultúrlann i mBéal Feirste os comhair lucht féachana ar an 10ú Meán Fómhair 2022. Ba í an t-aisteoir aitheanta Bríd Ó Gallchóir a léigh an scéal “42” le Réamonn Ó Ciaráin. Réaltán Ní Leannáin a chur an clár i láthair.
Tugann an scéal seo le Réamonn Ó Ciarán ar thuras muid thar dhúiche réidh Chontae Ard Mhacha. Trí shúile géara an bhuachalla óig casann muid le tiománaithe cairdiúla bus, le gasúraí ráscánta scoile, le múinteoirí spreagúla agus tuismitheoirí amhrasacha. Tugann sé ar thuras muid go háit a gcaitheann gnáthdhaoine a ngnáthshaolta i dtréimhse neamhghnách ar fad; áit a nochtar laochra gan iomrá trína ngníomhartha cineáltais agus tuisceana. Turas intinne agus ama, a thaispeánann nach fios cén áit a gcríochnóidh muid suas.

Uibheacha Cásca

36m · Published 31 Aug 21:44
Téann carachtair an scéil seo ar thuras go hoileán mara sa tóir ar rudaí faoi leith a shamhlaíonn sé a bheith ann don turasóir tuisceanach, ach b’fhéidir gur i ngan fhios dó féin a fhaigheann sé rud éigin nach raibh sé ag súil leis. Tá an scéal Uibheacha Cásca le Séamas Mac Annaidh á léamh anseo ag Brian Danny Minnie Ó Domhnaill.
Ealaín chlúdaigh: gailturpin.art

Soineann le hEithne Ní Ghallchobhair

40m · Published 01 Aug 00:03
Scéal prósfhilíochta le hEithne Ní Ghallchobhair ina ndéanann sí ceiliúradh liriceach ar mhóimintí áthais agus dúiseachta i saol pháiste óig. Inniúchadh céadfach trí theanga agus trí fhoclaíocht ar an domhan trí shiúile shoineanta an pháiste. Arna léamh ag Sinéad de Gallaí.

Maggie, Girl agus an Stoirm

40m · Published 30 Jun 20:00
Faigheann muid fianaise sa scéal seo ar shaol atá ag sleamhnú uainn agus ar bhean atá ar a dícheall streachailt leis an tsaol ar achan dhóigh, gan de shuaimhneas aici ach a madadh dílis. Ach an bhfuil drochthuar faoi bhun na spéire? Éist le Póilín Nic Géidigh ag léamh Maggie, Girl agus an Stoirm le Michelle Nic Pháidín.

Bláth na dTulach has 28 episodes in total of non- explicit content. Total playtime is 16:12:12. The language of the podcast is Irish. This podcast has been added on July 29th 2022. It might contain more episodes than the ones shown here. It was last updated on April 23rd, 2024 02:16.

Every Podcast » Podcasts » Bláth na dTulach